Tá cóip den dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 ar fáil thíos.
Déanfar plé ar an doiciméad seo go luath ag cruinniú den Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tá an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta ag reáchtáil sraith cruinnithe poiblí chun deis a thabhairt do dhaoine díospóireacht a dhéanamh ar phlé pháipéar maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. D’eascair an plé pháipéar seo as an chéad chéim den chomhairliúcháin phoiblí a bhí ar siúl níos túisce i mbliana.
Tá cóip den phlé pháipéar ar fáil anseo (160k PDF).
Is mar seo a leanas sceideal na gcruinnithe:
| Dáta/Am | Ionad | Contae |
| Dé hAoine, 26 Meán Fómhair - 9 p.m. | Meadowlands Hotel, Trá Lí | Ciarraí |
| Dé Céadaoin, 1 Deireadh Fómhair - 7.30 p.m. | Clanree Hotel, Leitir Ceanainn | Dún na nGall |
| Déardaoin, 2 Deireadh Fómhair - 7.30 p.m. | Clarion Hotel | Sligeach |
| Dé Máirt, 7 Deireadh Fómhair - 7.30 p.m. | Woodstock Hotel, Inis | An Clár |
| Dé Céadaoin, 8 Deireadh Fómhair - 7.30 p.m. | Ardilaun House Hotel | Gaillimh |
| Dé Máirt, 14 Deireadh Fómhair - 7.30 p.m. | Buswells Hotel | Baile Átha Cliath |
| Dé Céadaoin, 15 Deireadh Fómhair - 7.30 p.m. | Tullamore Court Hotel | Uíbh Fhailí |
| Dé hAoine, 31 Deireadh Fómhair - 2 p.m. | Rochestown Park Hotel | Corcaigh |
Beidh seirbhís aistriúcháin comhuaineach ar fáil ag na cruinnithe seachas an cruinniú i gCiarraí nuair a bheidh sé ar siúl mar chuid d'Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge